Thursday, July 6, 2017

Dílseacht an Rialtais i leith na Gaeilge



Is buaine dílseacht na toice an tsaoil agus toisc gurb í an Ghaeilge teanga náisiúnta na hÉireann ní mor a admháil go bhfuil dualgas suntasach ag an stát i leith an teanga (O Murchú 2008).Is léir gur cheist casta leathan atá idir lámha ag an údar anseo. É sin ráite tá trí spriocanna agam i gcomhair an taighde seo 1) anailís a dhéanamh ar pholaisithe agus straitéisí an Rialtais maidir le forbairt teanga 2) smaointeoireacht chriticiúil  a léiriú ar thorthaí na polasaithe sin agus 3) ceisteanna machnamha a  chur os comhair an leitheoir maidir le meon an Rialtais. Bíonn dha thaobh ar an mbád i gconaí  agus sular fhocal scoir a scríobh déanfaidh an taighdeoir iniúchadh ar bhuanna agus earraidí an Rialtais faoi stiúir fíanaise luachmar. Díreofar isteach ar Acht na dTeangacha, an Straitéis 20 Bliain, cursaí Gaeltacha, agus dul chun cinn na teangan sa chóras oideachais agus sna meáin chumarsáíde. 


Tír gan teanga, tír gan anam agus bheartaigh Rialtas na hÉireann Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 a fháiltiú isteach chun feabhas a chur ar cheist conspóideach na Gaeilge. Na príomhaidhmeanna a bhí ann ná 1) soláthar nios mó de sheirbhísí i nGaeilge a chur ar fail ón seirbhís poiblí ar chaighdéan níos airde agus 2) bunú oifig do Choimisinéir na dTeangacha Oifigiúla (Rialtas na hÉireann 2003). Is cnámh spairne í ceist na seirbhisí i measc an phobal agus taispeantar an argóint seo i bhfíanaise ceistiúcháin atá déanta ag an taighdeoir. Dúirt rannpháirtí nach féidir leis teacht ar sheirbhisí an rialtas trí Ghaoluínn cé gurb í an teanga náisiúnta í (Ó Ceallacháin 2014) Freagra cuíosach áibhéalach atá ansin toisc go bhfuil forbairt áirithe déanta ag an Rialtais go háirithe o thaobh cursaí teicneolaíochta de. Is féidir linn go léir feachaint ar cláracha  cosúil le hAifric ar line ar sheinnteoir TG4. Tá feidearachtaí nuálacha eile ann freisin cosúil le páirt a ghlacadh i gcúrsa Gaeilge Duolingo “Aip na Bliana 2013”,tá 143,000 duine claraithe go dtí seo agus cruthaíonn sé sin gurb fhiú an tseirbhís (Ó Coimín 2014).

Ach céard faoi dualgas an stáit?


Foinse: BBC News
Tá Taoiseach nua, Leo Varadkar againn anois. An bhfuil sé dáiríre i leith todhchaí na Gaeilge? Dar leis an Irish Times chuir Varadkar stad le fochoiste a bhaineann le Gaeilge agus an Ghaeltacht inné. Léigh an t-alt iomlan anseo. Is scanallach an scéal é seo agus níl sé ceart ná cothrom in aon chór. Ní labhraítear Gaeilge sa Dáil go minic agus tá an teanga ag imeacht as radharc sa stát seirbhís (Ó Murchú 2008) Má Rialtas dílis don teanga dhuchais iad b’fhéadfa ag siúl ar a laghad gur úsaideann na polateoirí Gaeilge ina saolta laethúila. Níl sé sin an chás agus is léir don domhan mór an firinne seo. Dar leis na staitisticí creideann 64% de mhuintir na hÉireann gur cheart an Ghaeilge a usáid sa Dáil agus 61% sa stát seirbhís (Ó Gliasáin agus Ó Riagáin 1994) Nach mbeadh sé níos fearr airgead a chaitheamh ar oilúint cainteoirí sna stát seirbhís? Tuigeann an taighdeoir go praictiúil go bhfuil dushláin a bhaineann le sin. Bíonn foireann mhór Gaeilgeoirí a fháil a bheadh abálta freastail ar dhaoine ar fud an stát agus an bhfuil sé ann? É sin ráite baineann an Rialtas leas as an gcoinníoll maidir le seirbhísí a chur ar fáil chomh fada is féidir. Cuireann sé sin dímheas ar chearta an phobal de réir Acht na dTeangacha.

Deirtear is fearr amharc amháin romhat ná dhá amhairc i do dhiaidh agus tá polasaí ollmhór darbh ainm An Straitéis 20 Bliain Don Ghaeilge 2010-2030 eagraithe ag an Rialtais. Tá sé thár a bheith súntasach go bhfuil pleanáil faoi todhchaí na teangan ar siúl acu mar tugann sé dóchas dúinn faoi dílseacht an Rialtais. De réir an caipéis tá sé mar chuspóir tionscnaimh acu an t-eolas agus an usáid atá ar an nGaeilge a mhéadú mar theanga phobail (Rialtais na hÉireann 2010). Go praicticiúil ba mhaith leis an Rialtas an lion daoine a labhraíonn Gaeilge gach la lasmuigh den chóras oideachais a ardú go 250, 000 (Rialtais na hÉireann 2010). Is doimhin é poll an amhrais ach an aidhm realaíoch é i ndáiríre? Leagadh síos an straitéis le linn an Gearchéim Eacnamaíochta. Nach mbeadh sé an deacair mar sin infheistíocht chuí a chur ar fail ó bhlian go mblian chun na straitéisí a chomhlionádh? Má tá an Rialtas dílis bhéadh sé sin le feiscint insna figiúirí. Afach, ní chuireadh ar fáil ach leath-mhíle euro don Straitéis 20 Bliain sa Bhúisead (REOG 2014). A léithead de ráimeas, ní leor é sin ar chor ar bith!

Gné eile ná dílseacht an Rialtais i leith cursaí Gaeltachta. Smaoineoidh madraí na sráide go bhfuil an stát faoi gheasa na teanga nuair a bhuailfaidís leis an deá-iomhá a chuirtear os ár gcomhair i “Ceard í an Ghaeltacht?” fistéip le hÚdarás na Gaeltachta (2012). Is cosúil le fógra turasóireacht don Ghaeltacht í ina thaispeantar an infheistíocht cúrtha isteach ag an Rialtas insna mbóithrí  agus áiseanna teicneolaíochta ann. Rinneadh an infheistíocht seo gan aon agóid agus is bua fiúntach is iontach é. E sin ráite, ó thaobh fás fadtéarmach caipitil na Gaeltachta de an leor é? Is in ithe na putóige a bhíonn a tastáil agus má tá an Rialtas dílis aris bheadh sé le feiscint sna figiúirí. Ó thaobh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta de, tháinig laghdú 29% ar chaitheachas idir Buiséad 2008 is 2014 (REOG 2014). Nach teachtaireacht suntasach é sin? Cad faoi bhuncloch Bunreacht na hÉireann maidir le cothú na Gaeilge sna ceantair Ghaeltachta (Ó Riagáin 2008)? Is léir gur faigheann sé áit lárnach sna cuimhní ghearrthéarmacha amháin acu.



Mol an óige agus tíocfaidh sí, nach fís tarraingteach é sin? Sna laethanta seo tá  gluaiseachtaí cosúil le Ceol Coláiste Lurgan ag iarraidh spéis na nóg a  mhealladh sa teanga. Nár cheart don Rialtas leas a bhaint as seo? Cinnte, ba cheart ach in ionad é sin a dhéanamh b’fhearr leo deireadh a chur leis na deontais Gaeltachta a d’fhaigheadh abháir oidí triú leibhéai (Hennessy 2014) Nach mbeadh sé i bhfád níos fearr ó thaobh cursaí eacnamaíochta agus turasóireachta de na deontais seo a chóimead? Nach mbeadh scoláirí ag caitheamh airgid sa Ghaeltacht fad is atá siad ag foghlaim? Cabhraíonn gníomhartha mar seo leis an dearcadh diúltach i leith na Gae a threisíú i measc na nóg (Ní Mhúrchú 2014) agus sin dushlán is toradh do-mhaithe a leiríonn an dí-mheas atá ag an Rialtais dúinn agus don teanga.

Ar an iomlán an bhfuil aon ábhar dochas faoi Ghaeilge sa Chóras Oideachas? Cinnte, ní féidir éinne a shéanadh gurb í an tumoideachas an ghluaiseacht oideachais atá ag fás ar luas lasrach sa  tír seo, tá 45,373 páistí lamsuigh limistéír na Gaeltachta ag freastal ar ghaelscoílaíocht agus is firíc suntasach é seo (Gaelscoileanna Teo. 2014). Afách an dtúgann an Rialtas an dílseacht cuí dóibh? Dar le Gaelscoileanna Teo, ní thugann (2014). Bíonn ar an eagraíocht seo agus tuismitheoirí iad féín fórmhór na scoileanna a bhúnú agus a thacú. Má tá sé mar aidhm ag an Rialtas “an meíd saoránnaigh is féidir a bheith dátheangach” (2010) nár cheart tosú le sin ar léibheal bun-oideachas? 

Faoi dheireadh, cad ina thaobh dílseacht an Rialtais do Ghaeilge sna Meáin Chumarsáide? Gan dabht is láidreacht mór é an ghné seo maidir le forbairt teanga. Ní follair an Rialtas a bheith brodúil as na torthaí a tháínig as an infheistíocht sa chraoltóireacht Poiblí. Cuireann TG4 ionchur €12.71m san eacnamaíocht náisiúnta (Ó Murchú 2008). Creideann rannpairte na ceistiúcháin go bhfuil TG4 “ceann dos na rudaí is fearr a tharla don Ghae sa tír seo” mar “thóg siad an Ghaeilge isteach sa seomra suite go gach tigh sa tír ar chomhchéim leis an mBéarla” (Ní Mhurchú 2014) Baineann rannpáirthithe eile sult as cláracha cosúil le GAA BEO mar “chothaíonn sí spéis sa teanga” (Ní Loínn 2014) Nach foinsí bród iad na torthaí agus tuairimí pobail sin?. Chomh maith tá forbairt reabhlóideach déanta faoi láthair  maidir le seirbhísí nuachtáin.Is féidir le muintir na tire Tuairisc.ie a usáid ar líne, suíomh luachmhar a fhreastalaíonn ar chursaí reatha, ábhár idirnáisiúnta is gaeltachta. Nach céim iontach é sin chun spéis na bpobal a chothú sa teanga? Mar mholadh ba cheart go leanfeadh an Rialtas ar aghaidh le Gaeilge a fhorbairt ar an idirlíon mar tarrangaíonn sé aird na nóg agus tá sé i bhfad níos saoire i gcomparaíd le cóip crua gan an t-éileamh cuí.

Foinse: tuairisc.ie
Mar fhocal scoir is léir ón anailís chriticiúil is ceisteanna machnaimh an taighdeoir gur scéal thar a bheith cásta a mhaireann idir Rialtas na hÉireann agus teanga na Gaeilge. Is fearr dílseacht ná hór agus ar shuíomh amháin tá soirbhíochas ann ó thaobh na meáín chumarsáide, gaelscoileanna agus cursaí teicneolaíochta de. Afách, bíonn dhá scéal le hinsint i gconaí agus is foinsí imní tromchúiseacha iad an t-easpa infeistíocht agus gnímh maidir le coinnóillacha Acht na dTeangacha agus an Stráitéis 20 Blian. Afách, an rud is measa na meon suarach dímheasúíl an Rialtais i leith na teanga. Bhuail sé buille an bháis le ceapachan Aire Gaeltacha gan Gaeilge agus críoch a chur le deontais ollscoile. Bunaithe ar an bhfianáise sin is soiléir go bhfuil sé beaganach do-dhéanta a rá go bhfuil  Rialtas na hÉireann dilís don teangan na Gaeilge.  





Leabharliosta


  • An Príomh-Oifíg Staidrimh (2011) Daonáireamh 2011, Corcaigh: POS

  • An Roinn Oideachais agus Scileanna (2011) Stráitéis Litearthacht agus Uimhreachas 2011-2020, Baile Atha Cliath: ROS



  • Harris, J. (2006) Irish in Primary Schools Long-Term National Trends in Achievement, Baile Átha Cliath: Oifig an tSolatháir.

  • Kelly, A. (2002) Compulsory Irish: Language and Education in Ireland 1870s-1970s, Dublin: Irish Academic Press.

  • Mac Gráinne, S. (2014) Ceistiúcháin 27ú Samhain 2014

  • Ní Loínn, R. (2014) Ceistiúcháin 28ú Samhain 2014

  • Ní Mhúrchú, S. (2014) Ceistiúcháin 28ú Samhain 2014

  • Ó Catháin, B.(2009)  Sochtheangeolaíocht na Gaeilge,Léachtaí Cholm Cille 39, An Daingean: An Sagart.

  • Ó Ceallacháin, D. (2014) Ceistiúcháin 27ú Samhain 2014.

  • Ó Coimín, M.(2014) “Tástáil curtha ar chúrsa Gaeilge Duolingo”, Tuairisc.ie [ar líne] 3Nollaig , ar fáil: http://tuairisc.ie/tastail-curtha-ar-chursa-gaeilge-duolingo  [rinneadh rochtain ar 03/12/2014].

  • Ó Cuirreáin, S. (2013) “Notaí Cainte”, óráid, Éirí Amach Seán Ó Cuirreáin, cúrtha i láthair ag an Comhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha de chuid Thithe an Oireachtais, 4 Nollaig 2013

  • Ó Gairbhí, S. (2014) “Míshastacht le polasaí Gaeilge an Stáit agus ceapachán McHugh”, Tuairisc.ie [ar line] 13 Deireadh Fómhair, ar fail: http://tuairisc.ie/pobal-mishasta-le-polasai-gaeilge-stait-agus-ceapachan-joe-mchugh/ [rinneadh rochtain ar 03/12/2014]


  • Ó  Murchú, H.(2008) More Facts about Irish, Baile Átha Cliath: Coiste na hÉireann do Theangacha Neamhfhorleathana.

  • Ó Gliasáin, M. agus Ó Riagáin, P. (1994) National Survey on Languages 1993: Preliminary Report, Baile Átha Cliath: Institiúid Teangeolaíochta Éireann

  • Ó Riagáin, P. (2008) Irish-language Policy 1922-2007: Balancing Maintenance and Revival. In C.Nic Pháidin and S. Ó Cearnaigh (Eds) A New View of the Irish Language, (pp.26-42), Dublin: Cois Life.

  • Rialtas na hÉireann (2003) Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, Baile Átha Cliath: Oifig an tSolatháir.

  • Rialtas na hÉireann (2006) Ráiteas i leith na Gaeilge, Baile Átha Cliath: Oifig an tSolatháir

  • Rialtas na hÉireann (2010) Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, Baile Átha Cliath: Oifig an tSolatháir

Share:

1 comment

Blog Design Created by pipdig